Amuigh faoin aer i bPáirc Shuí Mhantáin

Ar an 5ú lá do Mhí Mheán Fhómhair chuaigh Rang a Cúig agus Sé go dtí Páirc Shuí Mhantáin. Bhíomar ag lorg duilleoga, torthaí agus mionainmhithe éagsúla.

Picture1.jpg Picture2.jpg

Bhí gach duine ag súil go mór leis an lá agus bhíomar ag caint faoi ar feadh na seachtaine ar fad. Nuair a shroicheamar ár scoil bhíomar ag eagrú muid féin i mbeirteanna don siúlóid. Bíonn sé an-deas a bheith ag foghlaim lasmuigh den seomra ranga agus a bheith amuigh faoin aer timpeall Bré lenár gcairde.

Nuair a shroicheamar an páirc bhí gach duine ar bís. Bhriseamar suas inár ngrúpaí agus bhí seicliosta ag gach duine. Bhí an bheirt againn i gceannas ar ‘Tóraíocht Dúlra an Fhómhair’ agus ‘Mionainmhithe’, mar shampla. Fuair gach duine go leor rudaí éagsúla agus bhí na seic liostaí críochnaithe againn. Rinneamar sceitse ealaíne bunaithe ar an dúlra ina dhiaidh sin.

Picture3.jpg Picture4.jpg
Picture5.jpg Picture6.jpg

Ansin bhí sos againn d’itheamar ár mbia. Bhí an lón blasta. Tar éis é sin bhíomar ag spraoi ar na sleamhnáin bhí an-chraic againn.

Picture7.jpg Picture8.jpg

Ina dhiaidh sin bhíomar ag déanamh corpoideachas (D’imríomar peil). Bhí na buachaillí ar thaobh amháin agus bhí na cailíní ar an taobh eile. Bhí sé go hiontach!

Uair a chloig níos déanaí bhí sé in am dúinn dul abhaile. Lá iontach a bhí ann i bPáirc Shuí Mhantáin!

Le: Tom Furlong agus Sonny Mac Eiteagáin-Murchú

No events found
Gaelscoil Uí Chéadaigh
Bóthar Vevay, Bré, Co. Chill Mhantáin
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2026 Gaelscoil Uí Chéadaigh