Craobh sacair na hÉireann buaite ag Gaelscoil Uí Chéadaigh i gComórtas FAI 5-an-taobh
Tar éis dóibh an comórtas Thuaisceart Chill Mhantáin agus comórtas Chill Mhantáin a bhuachan i mí Feabhra agus mí Aibreáin na bliana seo, chuaigh Gaelscoil Uí Chéadaigh ar aghaidh le buachan i gCluiche Ceannais Lár Laighean agus ansin i gCluiche Ceannais Laighean i mí na Bealtaine, áit ar bhronnadh geansaithe peile Laighin orthu a chaith siad i bPáirc an Aviva Dé Céadaoin, an 11ú Meitheamh, do Chluiche Ceannais na hÉireann. Bhí slua mór i láthair ar an lá. Bhuaigh ár mbuachaillí ar Chúige Mumhan 5-2, ar Chuige Uladh 5-2 agus ansin bhí cluiche cinniúnach acu le Seaimpíní Chonnachta, a bhuaigh a gcuid cluichí ar fad go dtí sin freisin, agus bhuaigh siad 5-0 orthu chun teideal 'Seaimpíní Uile-Éireann' a bhaint amach.
Scóráil Rían Ó Gallchóir, lán-tosaí Ghaelscoil Uí Chéadaigh, 9 gcúl san Aviva agus bronnadh an gradam 'Imreoir an Chomórtais' air. Léirigh Fionn Ó Costealbha, captaen Ghaelscoil Uí Chéadaigh, a bhfuil aigne aosta ar ghuaillí óga aige, ceannaireacht ar an bpáirc sna trí chluiche, ag rialú rithim an chluiche agus ag coinneáil ionsaitheoirí na bhfreasúrach faoi smacht, agus scóráil sé dhá chúl freisin. Bhí Sonny Mac Eiteagáin-Murchú ar fheabhas chomh maith, ag cur dhá chúl leis an scór, agus d’imir sé mar chosantóir, i lár na páirce i stíl Roy Keane, agus mar ionsaitheoir ag amanna éagsúla den chomórtas. Bhí Conor Sweetman thar barr de thíor sa chúl. Scóráil an t-imreoir is óige ar an bhfoireann, Kyan Ó Foghlú, an dá chúl eile san Aviva.
Foireann:
- Conor Sweetman
- Benjamin Ó Briain-De Bhailis
- Samuel Ó Briain-De Bhailis
- Sonny Mac Eiteagáin-Murchú
- Lúc Mac Phartaláin
- Fionn Ó Costealbha
- Rían Ó Gallchóir
- Kyan Ó Foghlú
(Bhí Eli Thompson agus Jimmy Teehan mar chuid d’fhoireann Laighin ach ní raibh siad i láthair do na cluichí ceannais.)