FEALSÚNACHT NA SCOILE

Cuirfear fáilte agus léiritear meas ar gach páiste a thagann go Gaelscoil Uí Chéadaigh cuma cén cúlra teanga, sóisialta, creidimh nó náisiúntachta atá acu.


Is mian leis an mBord Bainistíochta agus le foireann na scoile atmaisféar sona, spreagúil a chothú ina déantar forbairt iomlán ar an bpáiste – forbairt intleachtúil, fhisiciúil, chultúrtha, mhórálta, spioradálta, shóisialta agus mhothúchánach.


Cothaítear a ndúil sa léinn maraon leis an bhféinmhuinín.


Cothaítear meas ar an dteanga agus ar an gcultúr i measc na bpáistí


Is scoil náisiúnta í an scoil le éiteas Caitliceach.