CRUINNITHE

Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí/chaomhnóirí teacht chun na scoile chun cúrsaí maidir lena bpáistí a phlé leis an múinteoir ranga nó leis an Príomhoide.


Iarrtar ar thuismitheoir/chaomhnóir coinne a dhéanamh roimh ré más rud é go dtógfaidh an t-ábhar roinnt plé chun teacht ar réiteach. Más rud beag atá i gceist moltar é a phlé go neamh-fhoirmiúil leis an múinteoir chomh luath agus is féidir.


Eagraítear cruinnithe aonair tuismitheoirí/múinteoirí go luath sa dara téarma.


Seoltar tuarisc gearr scríofa chuig tuismitheoirí/caomhnóirí roimh na Nollag.


Seoltar tuairisc níos íomlána chuig tuismitheoirí/caomhnóirí i Mí an Mheithimh.