IRISH SCHOOL

Scoil ina múintear gach ábhar trí Ghaeilge (seachas Béarla) i dtimpeallacht spreagúil, taitneamhach.


Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile idir mhúinteoirí, pháistí, bhainistíocht agus tuismitheoirí (más féidir).


Is é an córas tumoideachais atá i bhfeidhm sa scoil. Tosaítear ar an mBéarla sa dara téarma i Rang Naíonáin Shinsearacha.


Molfaimid go mór beagán Gaeilge a labhairt sa bhaile nuair is féidir, cúpla focal anseo is ansiúd, nathanna cainte nó abairt gearr nuair is féidir. Treisíonn sé go mór le obair na scoile nuair a bhíonn dearcadh dearfach i leith na Gaeilge sa bhaile i dtaca leis an scoil.