Aidhmeanna agus Spiorad na Scoile

Ethos

Treoir do Thuismitheoirí

Tá áit tábhachtach ag Coiste na dTuismitheiorí i measc pobal na scoile. Tá ról laidir tacaíochta acu ó thaobh luachanna agus spiorad na scoile a chur chun chinn. Táimid ag súil le obair dhearfach ghníomhach ó thuismitheoirí na scoile chun aidhmeanna na scoile a chomhlíonadh. Tá iompar muintir na scoile fite fuaite lenár luachanna agus as sin ár n-aidhmeanna.

Aidhmeanna

  • Gaelscoil measctha a fhorbairt go mbeidh meas ag na baill ar an dteanga agus ar an gcultúr agus spéis acu í a labhairt ag braith ar a gcumas.
  • Ard chaighdeán léinn a lorg i measc páistí agus múinteoirí.
  • Oideachas leathan a chur ar fáil do gach páiste.
  • Na páistí a ghríosadh chun foghlamtha agus an iarracht a mholadh.
  • Féin mhuinín a chothú i dtimpeallacht sona.
  • Féin smacht a chothú agus tábhacht ár gcuid roghanna a mhúineadh.
  • Íomhá dhearfach uasal na scoile a chur chun chinn i gconaí.
  • Ard-mheas a chothú i leith múinteoirí na scoile agus a luach don scoil a aithint.
  • Comhairle a chur ar thuistí maidir le dul chun chinn a bpáistí agus oibriú leo ar mhaithe leis an bpáiste.
  • Béim a chur ar an scoil mar áit oscailte ina bhfuil fáilte roimh phobail uile na scoile agus a n-áit féin ag gach duine acu.
  • Má tá deacracht ar bith ag tuismitheoir faoi ábhar scoile ar bith rachfaidh siad i gconaí i dtosach go dtí an múinteoir ranga agus ansin ag an Príomhoide más gá, go neamhfhoirniúil. Deileálfar leis le meas ar an dá thaobh.
  • Sóiléireacht a lorg ar cheist ar bith a bhaineann leis an scoil ón scoil/ón bPríomhoide i gconaí ar mhaithe le cruinneas agus dea-threoir.
  • Cúnamh a thabhairt agus cuidiú leo siúd go mbíonn sé uathu.
  • Eiteas na spioradáilteachta a fhí isteach inár gcuid oibre sa scoil.