FÁILTE GO RANG 2
EOLAS RANGA
-
MÚINTEOIR
Conall Ó Frighil
Laetha Corpoideachais Day
An Mháirt / An Aoine
Leabharliosta
Sacrements
Posted in Meitheamh 2016
Tá rang a dó ag obair go dian i mbliana. Ghlac siad le Sacraimint an Athmhuintiris cúpla seachtain ó shin agus tá sé soiléir go bhfuil siad tar éis fás mar dhaoine ó shin. Tá an cineáltas agus an comhoibriú a léiríonn siad le feiceáil istigh sa rang agus tá siad ar fad ag súil go mór leis an gComaoineach a cheiliúradh ar an 29ú Bealtaine.
Obair Ealaíne
Posted in Meitheamh 2016
Faoi láthair tá na páistí ag obair ar phíosaí Ealaíne a chruthú don Chomaoineach. Beidh an ealaín álainn le feiceáil ag tuismitheoirí agus ag páistí uile na scoile sa séipéal agus i halla na scoile chomh maith ar an Domhnach.
Gníomhaíochtaí Spóirt
Posted in Meitheamh 2016
Tá páistí rang a dó tar éis cleachtadh iománaíochta a thosú ar scoil. Tá an rang an-tógtha leis an spórt agus tá sé dochreidte an dul chun cinn atá á déanamh acu ó thaobh scileanna agus comhimirt foirne de. Buíochas mór do Willy, Mary agus Marie.